• Tubaisteach do na Gaeltachtaí: 2,300 fishing jobs i mbaol
    Jan 22 2026

    Deir eagrais iascaireachta go bhfuil beagnach 2,300 post i mbaol tar éis chinneadh ón Aontas Eorpach atá “tubaisteach”, dar leo. I mí na Nollag, ag cruinniú sa Bhruiséil, fógraíodh go mbeidh ciorrú ollmhór ar an méid iasc is féidir a thabhairt i dtír in Éirinn. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbliana. Cén tionchar a bheas aige seo ar iascairí agus ar lucht próiseála atá fostaithe sa tír seo? Céard atá i ndán don earnáil iascaireachta amach anseo?


    Láithreoir: Róisín Ní Mhaoláin, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin


    Foclóir:


    Earnáil: Sector


    Aontas Eorpach: European Union


    Domhain: Deep


    Slí beatha: Livelihood


    Comhphobal: Ccommunity


    Uasmhéid: Maximum


    Tubaisteach: Disastrous


    Imeall: Border


    Bia mara: Seafood


    Táillí: Fees


    Monarcha : Factory


    Eagrais: Oorganisations


    Spotsolas: Spotlight


    Baol: Danger/fear


    Cé: Quay/dock


    Neodrach: Neutral

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    23 Min.
  • Éigeandáil teanga sa Ghaeltacht: An bhfuil an Ghaeilge ag sleamhnú uainn?
    Jan 21 2026
    An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    17 Min.
  • A Gaeltacht resurrected: Áit a bhí á bánú ach anois faoi bhláth
    Jan 15 2026

    Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.


    Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.


    Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge.


    Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas.


    Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas.


    Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann.


    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide



    Foclóir:


    Eispéireas: Experience


    Fís: Vision


    Muintir na háite: The local people


    Coiste: Committee


    De réir mo thuigbhéala: From my understanding


    Bothán: cabin


    Neartú: Strengthen


    Éacht: Achievement


    Cothú: Cultivate


    Tírdhreach: Landscape


    Uile-Éireann: All-Ireland


    Dúshlánach: Challenging


    Comhairle: Advice


    Comhphobal: Community


    Ag streachailt: Struggling


    Díospóireacht: Debate


    I lár an aonaigh: Centre stage


    Thar fóir: Over the top


    Aird: Attention


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    23 Min.
  • Dúnmharú Michaela McAreavey: 15 mbliana ar aghaidh agus ceartas in easnamh go fóill
    Jan 10 2026
    I mí Eanáir 2011, dúnmaraíodh Michaela McAreavey agus í ar mhí na meala in ostán in Oiléan Mhuirís. Phós sí John McAreavey díreach dhá lá déag roimhe sin. Buille uafásach dá teaghlach a bhí san eachtra brúidiúil agus tharraing an fiosrúchán aird na meán ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Cúisíodh beirt fhear ach fuarthas neamhchiontach an dís acu. 15 bhliain níos déanaí, tá an cás fós gan réiteach. Phléigh iriseoir Seachtain an cás le Ciarán Dunbar.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    26 Min.
  • 2026: ‘Ní féidir a bheith cinnte de rud ar bith tar éis thús spleodrach leis an mbliain’
    Jan 8 2026
    Maduro fuadaithe, neamhaird ar bhuaiteoir Nobel Machado, an Ghraonlainn faoi bhagairt ó thús na bliana. Tar éis seachtain den bhliain 2026, tá cúrsaí an domhain níos corraithí ná mar a bhí anuraidh cheana féin. Pléann John Downing agus Conchúr Ó Faoláin cúrsaí an tsaoil sa bhliain úr le Ciarán Dunbar

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    31 Min.
  • Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn
    Jan 8 2026

    Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.



    Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.



    I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’.



    Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos.



    Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid?



    Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón?



    Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar.



    Foclóir:


    Ionadaíocht: Representation


    I mbéal an phobail: The talk of the parish


    Aonarach: Solitary


    Go smior: To the core


    Bua: Attribute or gift


    Siúinéir: Carpenter


    Spreag siad: They encouraged


    Fíodóireacht: Weaving


    Béaloideas: Folklore


    Finscéal: Fable/Legend


    Peaca: Sin


    Clúiteach: Renowned


    A thréigean: To abandon


    Cúthaileach: Shy


    Úrscéal: Novel


    Mórtas: Pride


    Tagairtí: References


    Slabhra: Chain


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    24 Min.
  • Súil siar ar na ceannlínte nuachta: Cérbh iad na buaiteoirí agus na caillteoirí i 2025
    Jan 1 2026

    Tá 2024 thart, faoi dheiridh - cad é mar a bhí sé mar bhliain?


    Ní raibh easpa ceannlínte ann a bhain siar asainn, anseo in Éireann agus níos faide i gcéin.


    Bhog Donald Trump ar ais isteach sa Teach Bán i Washington, bhí toghchán Uachtaránachta dár gcuid féin againn anseo in Éireann, ciontaíodh an laoch spóirt DJ Carey as calaois a dhéanamh, agus tháinig deireadh leis an ruaille buaille sa Chumann Camógaíochta agus ligeadh d’imreoirí brístí gairide a chaitheadh.


    Ach cad iad na scéalta nuachta a sheas amach dár bpainéal cainte?


    I bpodchraoladh a taifeadadh ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, pléann Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Ursula Savage agus Caoimhe Ní Chathail, na buaiteoirí is na caillteoirí a roghnaigh siad féin sna catagóirí thíos:


    Teip nó Triumph na bliana


    An scéal nach bhfuair an aird cheart


    Social media moment na bliana


    Cheap Shot ar an Ghaeilge na bliana


    Unexpected Icon na bliana



    Foclóir:


    Taidhleoireacht: Diplomacy


    Aontaithe: United/agreed


    Dothuigthe: Incomprehensible


    Rogha: Choice


    Ciníoch: Racist


    Círéibeacha: Riots


    Mianta: Wishes


    Borradh: Surge


    Intleacht shaorga: Artificial intelligence


    Rathúil: Successful


    Neodrach: Neutral


    Maígh: Claim


    Oiliúint: Training


    Gairm: Career


    Amscaí: Awkward

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    24 Min.
  • Éist arís: Páirc na Gaeltachta - Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail?
    Dec 25 2025

    Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu?


    Foclóir:


    Dlús: Density


    Athdháileadh: Redistribution


    Líonraí: Networks


    Riachtanais: Requirements


    Coilíneacht: Colony


    Léas: Lease


    Bardas: Municipality


    Treorach: Directive


    Tomhas: To gauge


    Lonnaíocht: Settlement


    Eiseamláir: Model


    Bagairt: Threat


    Ag snámh in aghaidh easa: Swimming against the stream


    Féiniúlacht: Identity


    Díchoilíniú: Decolonising


    Morálta: Moral

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mehr anzeigen Weniger anzeigen
    20 Min.